Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta (CNNG) ag lorg iarrthóirí don phost mar Cheannasaí Airgeadais agus Riosca leis an eagraíocht. Beidh an té a cheapfar freagrach as bainistiú, comhordú agus ceannasaíocht iomlán a dhéanamh ar chúrsaí airgeadais na heagraíochta.
Ní mór d’iarrthóirí taithí ar chórais airgeadais chomh maith le taithí agus cáilíocht sa réimse airgeadais.
Tá cáilíocht phroifisiúnta cuntasaíochta nó cáilíochta ábhartha tríú leibhéil sa réimse airgeadais/gnó riachtanach don phost seo.
Ní mór d’iarrthóirí Gaeilge líofa agus ardchaighdeán Gaeilge scríofa a bheith acu.
Is post lánaimseartha é seo, ag obair ó Luan go hAoine. Beidh an té a cheapfar lonnaithe sa bpríomhoifig ar an gCeathrú Rua.
Is post ag grád Príomh Oifigeach Cúnta atá ag dul leis an bpost seo agus socrófar tuarastal agus coinníollacha pá leis an té a cheapfar.
Tá tuilleadh eolais agus dualgais an phoist le fáil ar shuíomh idirlín na comhlachta: www.cnng.ie
Seol litir iarratais mar aon le CV, i nGaeilge amháin, ar ríomhphost amháin chuig: Bainisteoir Achmhainní Daonna CNNG roimh an 29/08/2025. Seoladh ríomhphost: foluntas@cnng.ie
Ba chóir sonraí teagmhála do bheirt mholtóirí a sholáthar i d’iarratas.
Is fostóir chomhdheiseanna is ea Comhar Naíonraí na Gaeltachta.
Job Type: Full-time
Pay: €81,475.00-€101,535.00 per year
Benefits:
- Company pension
- Sick pay
Application question(s):
- Are you fluent in Irish?
Work Location: In person
Application deadline: 17/05/2024
Reference ID: Ceannasaí Airgeadais agus Riosca