Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag lorg iarratais don phost mar Oifigeach Forbartha i Réigiún Dhún na nGall.
Tá folúntas ag Comhar Naíonraí na Gaeltachta do dhuine cumasach agus fuinniúil i réimse dúshlánach oibre chun feidhmiú mar Oifigeach Forbartha Luathbhlianta chun forbairt, comhordú agus pleanáil a dhéanamh i réimse na luathbhlianta.
Beidh an té a cheapfar ag freastal ar sheirbhísí luathbhlianta Dhún na nGall.
Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil an taithí agus na cáilíochtaí seo a leanas acu.
- Sárchaighdeán oideachais, suas go tríú leibhéal i gcúram leanaí, mar aon le taithí oiriúnach ar luathoideachas/cúram leanaí.
- Líofacht agus cruinneas i labhairt agus scríobh na Gaeilge.
- Taithí ábhartha san earnáil nó in earnáil ghaolmhar eile.
- Sárscileanna cumarsáide, comhordaithe agus idirphearsanta.
- Eolas ar fhoinsí maoinithe agus nósanna imeachta na bhforas éagsúil tacaíochta atá ag feidhmiú san earnáil luathbhlianta.
- Cumas cruthaithe i bpleanáil, i gcomhordú agus i measúnú éilimh agus riachtanais an phobail sa réimse luathbhlianta.
- Ardscileanna ríomhaireachta.
- Ceadúnas glan tiomána.
Iarratas
Seol litir iarratas mar aon le CV agus cóip de do chuid cáilíochtaí ar ríomhphost amháin, i nGailege amháin, chuig: [email protected]
Spriocdháta d’iarratais: 22ú Lúnasa 2025.
Ba chóir sonraí teagmhála beirt mholtóirí a sholáthar i d’iarratas.
Is Post bliana é seo ag Grád Oifigeach Feidhmiúcháin.
Socrófar tuarastal (€36,544 – €59,422)agus coinníollacha oibre ag brath ar thaithí agus cailíochtaí leis an té a cheapfar.
Beidh Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag cur painéal le chéile ón agallamh seo chun postanna Oifigigh Forbartha Luathbhlianta eile a thagann aníos san eagraíocht a líonadh.
Fostóir chomhdheiseanna is ea Comhar Naíonraí na Gaeltachta.
Job Type: Full-time
Pay: €36,544.00-€59,422.00 per year
Application question(s):
- Are you fluent in Irish?
Work Location: In person
Application deadline: 17/05/2024
Reference ID: Oifigeach Forbartha Luathbhlianta Chonnacht/Laighean