BORD OIDEACHAIS AGUS OILIÚNA PHORT LÁIRGE AGUS LOCH GARMAN
Waterford & Wexford Education & Training Board
Iarrtar iarratais ar an bpost seo a leanas ó dhaoine atá cáilithe go cuí.
Airíoch
Conradh Buan: 19.5 uair an chloig in aghaidh na seachtaine
Láthair: Meánscoil San Nioclás
Is gá d’iarrthóirí bheith líofa i nGaeilge agus bheith in ann obair trí mheán na Gaeilge toisc gur scoil Ghaeltachta í Meánscoil San Nioclás.
Beidh Tuarastal, Cáilíochtaí agus Coinníollacha Seirbhíse de réir na rialachán ábhartha ón Roinn Oideachais
Tá mionsonraí iomlána faoin bpost thuas, lena n-áirítear an sainchuntas poist agus na nósanna imeachta iarratais, ar fáil ar ár suíomh Gréasáin ag www.waterfordwexford.etb.ie/vacancies
Is é an dáta deiridh ar a nglacfar le foirmeacha iarratais atá comhlánaithe ina n-iomláine ná 4:00pm 03/08/2022.
-
Is féidir go mbeidh gearrliostú i gceist.
Dícháileofar iarrthóirí de dheasca canbhasáil. Is fostóir comhdheiseanna é Bord Oideachais agus Oiliúna Phort Láirge agus Loch Garman.
Sínithe: Bainisteoir Acmhainní Daonna, Bord Oideachais agus Oiliúna Phort Láirge agus Loch Garman, Páirc Gnó Ard Chaomháin, Ard Chaomháin, Loch Garman.
www.waterfordwexford.etb.ie